Mí na bPicnicí 2021

'Mí na bPicnicí' a bhí i mí Iúil agus, sular tháinig deireadh léi, bhuail muid leis an bheirt máithreacha Connlaith agus Róisín as Béal Feirste a dhéanann iarracht páistí s’acu a thabhairt ar phicnic go rialta.

Thosaigh an bheirt acu ag bualadh le chéile le picnic a bheith acu le linn na dianghlasála cionn is nach raibh áit ar bith eile ar oscailt ag an am. Chinn siad go leanfadh siad ar aghaidh leis an nós agus cuairt a thabhairt ar áiteanna ar leith thart fán chathair agus áiteanna níos faide ar shiúl fosta.

Is máithreacha úra an dís acu agus, le leas a bhaint as an aimsir dheas, thóg siad blaincéad, bia agus clúidíní leo go Pairc na bhFál le go mbeadh giota craice acu féin agus ag na páistí amuigh faoin spéir.

Close
Close