Máithreacha Úra le linn Covid19

I mí Mhárta, d’athraigh saol gach duine ar domhan. Bhí orainn uilig fanacht sa teach agus fanacht ar shiúl ónár dteaghlaigh, agus nuair a chuaigh muid amach bhí orainn an scaradh sóisialta a chleachtadh. Bhí na rudaí seo deacair orainn uilig ach cad faoi na mná a bhí ag súil le páiste?  

Bíonn imní go leor ar mháthair ar bith atá ag iompar clainne ach ba mhó arís an imní agus an strus a bhí orthu le linn na dianghlasála. Bhí teorainn níos mó leis na turais chuig an dochtúir agus chuig an bhean ghlúine agus bhí scaradh sóisialta i bhfeidhm nuair a bhí na máithreacha sa bharda luí seoil. 

Rugadh a céad leanbh do Chonnlaith Ní Raifeartaigh i mí an Mheithimh. Bhuail Meon Eile léi féin agus lena hiníon Álainn chun labhairt léi faoin taithí a bhí aici le linn an ama seo. Labhair sí faoi na deacrachtaí a bhí aici agus faoin eagla a bhí uirthi. Thrácht sí ar an bhrú a mhothaigh sí féin agus a páirtí Criostóir agus labhair sí faoi chuid de na féidearthachtaí a bhí i gceist leis chomh maith.

Close
Close