Gradam 'Laoch an Phobail' bronnta ar Fhergus Ó hÍr

Iarbhainisteoir ar Raidió Fáilte, iarphríomhoide ar Choláiste Feirste agus gníomhaí teanga agus sóisialta is ea Fergus Ó hÍr atá ag obair go dícheallach ar feadh a shaoil leis an tsochaí a fheabhsú agus an Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh.

Chun aitheantas a thabhairt dá chuid oibre, bhronn Dominic Chambers, cathaoirleach Chumann na Meán Pobail, an gradam ‘Laoch an Phobail’ ar Fhergus i stáisiún Raidió Fáilte ar na mallaibh.

Is eagraíocht ionadaíoch é Cumann na Meán Pobail a dhéanann na meáin neamhbhrabúis a chosaint agus a spreagadh. Tá speis ar léith ag Dominic sa raidió áitiúil agus, ag labhairt dó le Meon Eile, dúirt sé go bhfuil an duais seo thar a bheith tuillte ag Fergus mar gheall ar an obair iontach atá déanta aige i mbun Raidió Fáilte a fhorbairt i gcaitheamh na mblianta.

Labhair muid fosta le Fergus é féin, a dúirt go bhfuil sé ag glacadh leis an ghradam ar son na gcainteoirí Gaeilge uilig a raibh páirt acu i gcur chun cinn na teanga.

Close
Close