Lá Oscailte i gCultúrlann Uí Chanáin

Eagraíodh Lá Oscailte i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, ar na mallaibh, áit ar cuireadh fáilte roimh dhaoine nua agus foghlaimeoirí ó bhlianta roimhe teacht agus clarú le haghaidh ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil don bhliain úr.

Bhí deis ag daoine triail a bhaint as roinnt uirlisí ceoil ó shiopa ceoil áitiuil, rud a chur go mór leis an lá. Ar a bharr sin, bhí ceol beo den scoth le cloisteáil ó réimse daoine óga agus teagascóirí ceoil a bhíonn ag obair in Acadamh Ceoil Chaoimhín Uí Dhochartaigh, atá lonnaithe béal dórais.

Má tá fonn ort tuilleadh eolais a fháil ar na ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil sa Chultúrlann i gCathair Dhoire, is féidir na sonraí teagmhála a fháil anseo.

Close
Close