Lá Idirnáisiúnta na bPodchraoltaí 2022

Lá Idirnáisiúnta na bPodchraoltaí atá ann inniu agus, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid, thug Meon Eile cuairt ar Neil Ó Briain, craoltóir de chuid Raidió Fáilte. Mar chuid den obair a dhéanann Neil don stáisiún, tá podchraoladh aige darb ainm “Treocheap”, clár atá dírithe ar chúrsaí ríomhairí, ríomhchluichíochta agus an chumha i ndiaidh na seanaimseartha.

Níl amhras ar bith ann go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag dul do phodchraoltaí. Tá ceann ann do gach duine agus is furasta teacht orthu chomh maith. Ní chaithfidh clú a bheith ort chun tabhairt faoi ach oiread!

Labhair Neil linn faoi na fáthanna éagsúla a mbaineann sé féin sult as podchraoladh a láithriú agus faoin tsaoirse a bhaineann leis. Baineann sé an-tairbhe as díriú isteach ar ábhar ar leith le haíonna atá chomh paiseanta is atá sé féin faoin ríomhchluichíocht. Bhí comhrá iontach spreagúil ar fad againn le Neil sa stiúideo agus gach seans go spreagfaidh sé daoine eile atá idir dhá chomhairle podchraoladh dá gcuid féin a chur ar bun.

Tá podchroladh Neil 'Treocheap' le fáil anseo.

Close
Close