Lá Idirnáisiúnta na mBan '19

Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan agus i mbliana is é #balanceforbetter mana an fheachtais atá ag díriú ar an chomhionnanais inscne - san áit oibre, sa bhaile agus amuigh ag imeachtaí sóisialta.

Mar cheiliúradh ar an lá labhair Meon Eile le triúr ban aitheanta: Lynette Fay (láitheoir/colúnaí), Myra Zepf (scríbhneoir labhar páistí), agus Gráinne Holland (stiúrthóir/amhránaí).

Is mná uilig iad seo a bhfuil an-rath orthu ina slí bheatha agus atá glórach ar dhóigh éigin faoi chúrsaí comhionnanais. 

Lynette Fay


Is craoltóir agus láithreoir raidió agus teilifíse an-aitheanta í Lynette agus is minic a úsáideann sí an t-ardán atá aici chun aird a dhíriú ar na ceisteanna deacra a bhaineann le cúrsaí ban.

Tá Lynette dóchasach go leanfaidh na mná óga atá ag fás aníos anois ar aghaidh leis na hathruithe móra atá bainte amach ag mná láidre go dtí seo agus go dtógfaidh siad ar bhealach iontach dearfach ar an dul chun cinn sin atá déanta.    

Myra Zepf 


Is scríbhneoir leabhar páiste í Myra atá ag dul go mór i bhfeidhm ar an chéad ghlúin eile lena sraith ildáite faoi cháilín óg ‘Rita’ agus a heachtraí éalárnacha.

Is í Myra an chéad ‘Children’s Writing Fellow’ a bhí ag Ollscoil na Banríona riamh agus tá sé mar ghairm bheatha aici páistí a spreagadh chun scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh.

Labhrann sí faoin aos óg agus an fhreagracht atá ar scríbheoirí an lae inniu a chinntiú go bpléann siad cúrsaí inscne go cúramach ina gcuid scéalta.

Gráinne Holland 


Amhránaí cumasach í Gráinne a bhfuil albam nua eisithe aici ar na mallaibh agus tá sí ina léiritheoir agus stiúrthóir físeán leis an iris NÓS chomh maith. Ar a bharr sin tá beirt pháistí óga aici agus í an-ghnóthach sa bhaile agus san obair.

Déanann Gráinne na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do mháthair san am i láthair a phlé agus déanann sí cur síos ar na seantuairimí atá fós le hathru maidir le comhionnanas inscne.

Tá tuilleadh eolais faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan le fáil anseo: https://www.internationalwomensday.com

Close
Close