Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin

Tá Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin suite i gCeantar na nOileán ar chósta thiar na hÉireann i gConamara, Co. na Gaillimhe.

Thosaigh John Bhaba Jack O’Chonghaola ag bailiú rudaí éagsúla a bhain leis an iascaireacht, leis an fheirmeoireacht, leis an chogadh agus rudaí eile nach iad agus é ina ghasúr. Timpeall cúig bliana déag ó shin, d’eagraigh sé taispeántas sa cheantar de chuid den ábhar a bhí bailithe aige. D’éirigh chomh maith sin leis, gur chinn muintir na háite gur cheart Ionad Oidhreachta a oscailt.

Anois, tugann turasóirí ó achan chearn den domhan cuairt ar an ionad chun blaiseadh a fháil den saol mar a bhí i gCeantar na nOileán. Chuaigh Meon Eile ar cuairt chuig Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar na mallaibh.

Close
Close