Ióga chun cuidiú le seirbhísí sláinte do dhaoine aeracha

Bíonn ráta ard fadhbanna meabhairshláinte i measc daoine ón phobal LADT, agus tá ráta na bhféinmharuithe agus an fhéindochar ag meadú i measc déagóirí sa phobal chomh maith.

Is togra é an Rainbow Project atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a chuidíonn le daoine aeracha ag a bhfuil réimse fadhbanna difriúla, fadhbanna meabhairshláinte san áireamh.

Bhunaigh Liam Mac Giolla agus Keri Mc Cormish an eagraíocht “Where’s Your Head At?” ar na mallaibh le hairgead a bhailiú ar son carthanachtaí éagsúla. Cuireann siad rang ióga amháin ar siúl achan mhí in áiteanna ar leith ar fud na cathrach.

Don cheád rang ióga s'acu, a díoladh amach, bhailigh siad an t-airgead ar son an Rainbow Project agus cuireadh an rang féin ar bun in Boombox, club aerach i mBeál Feirste.

Bhí Meon Eile ann i láthair ag an chéad rang sin agus labhair muid le cúpla duine a ghlac páirt ann agus leis an bheirt eagraithe, Liam agus Keri.

Le páirt a ghlacadh sa chéad rang ióga eile, nó le tuilleadh eolais a fháil faoi “Where’s Your Head At?”, thig leat an nasc seo a leanúint:

https://www.eventbrite.com/e/where-is-your-head-at-phase-2-tickets-66847463563?aff=ebapi

Le tuilleadh eolais a fháil faoin Rainbow Project agus faoi na seirbhísí sláinte atá acu, téigh anseo:

https://www.rainbow-project.org/Pages/Category/health-and-wellbeing

Close
Close