Iardhaltaí aeracha ag tacú le Coláiste Feirste

Tá Bród á cheiliúradh an mhí seo agus beidh físeán faoin phobal LADT á fhoilsiú ag Meon Eile gach Aoine le linn na míosa.

Don chéad fhíseán seo thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste, a thacaíonn i gconaí le dhaltaí s’acu ón phobal LADT+. 

Le Lá Idirnáisiúnta i gcoinne Homafóibe a cheiliúradh, chuaigh an múinteoir Breanda Uí Chléirigh i dteagmháil le hiardhaltaí de chuid na scoile le teachtaireacht dhearfach spreagúil a sheoladh do na daltaí reatha, go hairithe do dhuine ar bith a bheadh ag streacailt lena chlaonadh gnéis.

Ag tionól na maidine pléadh cúrsaí LADT agus taispeánadh físeán speisialta, a bhfuil cuid de le feiceáil i bhfíseán s'againn féin.

Labhair Meon Eile le roinnt daltaí faoin tacaíocht agus faoin chairdeas atá acu ar scoil, le Breanda agus le Maedhbh Nic Aindreasa, a mhínigh gur ábhar tábhachtach é seo i rith na bliana ar fad agus chan amháin díreach an mhí seo. 

Má tá aon tácaíocht de dhíth ort maidir le cúrsaí LADT, is feidir dul anseo.

Close
Close