Bhí mná misniúla Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i lár an aonaigh agus an Gradam Raidió Fáilte 2026 bronnta orthu. Tugann Raidió Fáilte i mBéal Feirste an duais seo ar bhean, nó ar ghrúpa ban sa chás seo, as an tionchar atá acu ar saol na Gaeilge sa chathair.
Bhí na mná seo lárnach i luathlaethanta Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus i mbunú Bhunscoil Phobail Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. Is mór an éifeacht a bhí acu ar chuid mhaith de na haiseanna agus ionaid Ghaeilge atá sa Tuaisceart inniu.
Is í an Dr. Gabrielle Nig Uidhir, a rinne taighde ar phobal Bhóthar Seoighe dá PhD, a bhronn an gradam ar an lá. D’inis sí dúinn faoin tionchar fhadtéarmach atá agus a bheas ag an obair dhícheallach a rinne na mná seo i gcaitheamh na mblianta.
Bhí baill teaghlaigh i láthair chomh maith agus labhair muid le Róise agus Coillín, gariníonacha Mhaire Mhic Sheáin, faoin spreagadh a thug seanmháthair s’acu dóibh agus an bród a mhothaíonn siad anois go bhfuil an t-aitheantas bronnta orthu ó Raidió Fáilte.
Bhí Caoimhe Ní Chathail, craoltóir aitheanta atá ar Bhord Raidió Fáilte, mar bhean tí ag an ócáid agus labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le moladh agus aitheantas ceart a thabhairt do na mná spreagúla seo a rinne obair na gcapall ar son na Gaeilge le linn a saoil.
Seo thíos liosta na mban ar ar bronnadh Gradam Raidió Fáilte 2026:
Caitlín Mistéil
Maire Bean Mhic Sheáin
Bríd Mhic Sheáin
Brighid Uí Mhonacháin
Máire Uí Bhruadair
Anna Nic an Iolair
Áine Andrews
Rhian Andrews
Ar shlí na fírinne:
Cristín Uí Bhruadair
Monica Mhic Giolla Cathain
Áine Mhic Aindreasa
Caitlín Uí Anluain
Mná nár chónaigh sna tithe ach a raibh páirt acu sa phobal agus sa scoil sna luathlaethanta:
Aingeal Uí Choisneacháin
Máire Mhic Ainmhire
Máire Dhubh Uí Chearbhalláin
Máire Andrews
Caitlín Nic Carráin
Máire de Brún
Brenda de Bléine
Nóirín Ailf Ní Mhurchú
Máire Nic Diarmada

