Gradam 'Green Tourism' bronnta ar Áras Uí Chonghaile

Fuair Áras Uí Chonghaile gradam cré-umha ó Green Tourism le déanaí. Is eagraíocht atá in Green Tourism a chuidíonn le gnólachtaí a bheith níos fearr don chomhshaol. Cuireann siad comhairle ar fáil, mar shampla, do chomhlachtaí faoi na bealaí ar féidir leo a n-úsáid fuinnimh a laghdú, uisce a shábháil agus an bhithéagsúlacht a chothú.

Bronntar an gradam ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí turasóireachta a oibríonn go gníomhach chun a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú. Maidir le hearnáil na turasóireachta, tá gnólachtaí atá meabhrach ar chúrsaí timpeallachta tábhachtach agus is díol spéise iad do chuairteoirí, ar bhonn áitiúil agus idirnáisiúnta araon. Léiríonn an gradam Green Tourism go bhfuil caighdeán socraithe ag eagraíocht dóibh féin maidir leis an dóigh a bhfeidhmíonn siad ó lá go lá.

Thug Meon Eile cuairt ar Áras Uí Chonghaile in Iarthar Bhéal Feirste agus labhair muid le Clíodhna Ní Bhranair a dúirt go raibh siad bródúil as an ghradam agus go bhfuil athruithe á ndéanamh ag an Áras cheana féin le go mbeidh siad in ann gradam airgid Green Tourism a fháil amach anseo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo ar Green Tourism agus anseo ar Áras Uí Chonghaile.

Close
Close