Gnó úr 'chocbombs' bunaithe ag Gael óg

I mí Eanáir bhunaigh cailín óg gnó úr bácála a dhíolann bonnóga darb ainm 'chocbombs'. Thosaigh Erin Daly as Béal Feirste ag déanamh 'chocbombs' do theaghlach agus do chairde s’aici i ndiaidh di roinnt físeán bácála a fheiceáil ar líne. Thaitin siad go mór le hachan duine a bhain triail astu, mar sin, chinn sí gnó a bhunú agus iad a dhíol thart faoin cheantar. I ndiaidh tamaill, bhí sí ag díol na mbuamaí seacláide ar líne fud fad na cathrach, agus tá an gnó ag dul o neart go neart ó shin.

Bhuail Meon Eile le hErin i gcistin s’aici agus phléigh sí na rudaí a spreagadh í chun an gnó a bhunú. Labhair sí faoi na dúshláin a bhí aici agus faoin dóigh a mbíonn sí ábalta an gnó agus saol na scoile a láimhseáil. Thug sí treoir céim ar céim ar an doigh le 'chocbomb' a dhéanamh ionas go mbeidh daoine in ann triail a bhaint astu sa bhaile.

Ta na 'chocbombs' ar díol ag Erin ar £2 faoi choinne ceann amháin agus £5 faoi choinne trí cinn. Is féidir dul i dteagmáil le Erin anseo chun iad a ordú.

Close
Close