Ganntanas ag banc bia i mBéal Feirste

De réir figiúirí ón rialtas, tá líon an dífostaíochta ar an leibhéal is ísle le fada an lá ach cad chuige mar sin a bhfuil roinnt daoine go fóill ar an ghannchuid i mBéal Feirste?

Tá an oiread sin daoine ag streachailt gur fágadh an grúpa carthanachta a eagraíonn banc bia in iarthar Bhéal Feirste gan bia ar bith ina stóras ar na mallaibh.

Scaipeadh an scéal ar na méain shóisialta áfach agus tháinig 12 scoil áitiúla le chéile chun earraí a thógáil don bhanc ar mhaithe lena bpobal féin.

 Léirigh muintir an iarthair cé chomh fial is atá siad agus líonadh an stóras arís taobh istigh de dhá lá.

Chuaigh Meon eile chuig an stórás chun an scéal a fhiosrú agus chun an gá leis an bhanc bia seo a phlé le comhairleoir áitiúil, Séan Ó Ceallaigh.

Close
Close