Fás faoi na gairdíní pobail

Tá níos mó suime á cur i ngairdíní pobail faoi láthair, agus thug Meon Eile cuairt ar an cheann atá ag an ghrúpa 'The Three Sisters' ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Níl ach clós beag ar chúl na dtithe sa cheantar agus ní raibh go leor spáis ag na cónaitheoirí suí taobh amuigh. Thug a lán comhlachtaí treallamh, plandaí agus adhmad don ghrúpa agus bhí siad ábalta spás salach gránna a bhí ina áit dumpála a athrú ina ghairdín galánta. Tá sprioc ag an ghrúpa anois an t-athrú céanna a dhéanamh sna cúlsráideanna uilig.

Thug muid cuairt fosta ar Ionad Ghleann Darach i gCromghlinn. Thug an t-ionad lámh chuidithe don leas-mhéara, AnneMarie Logue, plandaí agus bláthanna a chur ar fud na dúiche. Leis seo, spreagadh na hoibrithe san ionad gairdín pobail a chruthú dóibh féin. Nuair a thagann na páistí ar ais go dtí an naíscoil an mhí seo, beidh an chuid is mó de na ceachtanna taobh amuigh agus iad ag foghlaim faoi thábhacht an dúlra. Cuideoidh treallamh agus síoltaí deonacha ó Live Here Love Here leis an sprioc seo.

Tá a lán buntáistí ag baint le gairdíní agus a bheith amuigh faoin aer i lár an dúlra agus tá an-tábhachtach leis na gairdíní pobail do dhaoine nach bhfuil spás glas acu sa bhaile. Tá na grúpaí seo ag súil leis go spreagfaidh a gcuid oibre ceantracha eile lena ngairdíní pobail féin a chruthú.

Close
Close