Foireann úr nuachta ‘Moch ar Maidin’ ar Raidió Fáilte

Tá foireann nuachta ‘Moch ar Maidin’, clár de chuid Raidió Fáilte i mBéal Feirste, i ndiaidh fás ar na mallaibh agus beirt irischraoltóirí cúnta ag obair in éineacht le MaryClaire Nic Uilliam - is iad sin Éanna Nic Riabhaigh agus April Ní Ír. 

Craoltar ‘Moch ar Maidin’ óna 8:00 agus 09:00 ón Luan go hAoine ach bíonn an fhoireann múscailte i bhfad níos luaithe ná sin le dul i mbun taighde ar an scéalta an lae, ag deimhniú a gcuid scripteanna agus ag plé mionsonraí lena chéile.

Pléitear idir chúrsaí nuachta agus reatha, spórt, an aimsir agus an trácht ar an chlár. Chomh maith le scéalta náisiúnta agus áitiúla, déantar clúdach ar scéalta idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach don fhoireann go mbeidh pobal na Gaeilge ar an eolas faoi chúrsaí idirnáisiúnta, chomh háirithe cúrsaí polaitiúla, ina dteanga féin.

Is í MaryClaire Príomh-Irischraoltóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha an stáisiún a thosaigh ag obair ann beagnach bliain ó shin agus í ar scéim na nIontrálaithe Nua de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Chaith MaryClaire sé mhí ag obair mar oiliúnaí ar ‘Blas BBC Raidió Uladh agus sé mhí eile le Raidió Fáilte. Ó shin ar aghaidh, tá cuid mhór bainte amach aici mar iriseoir, ag clúdach réimse leathan d’imeachtaí ollmhóra a bhaineann le pobal na Gaeilge timpeall na tíre agus ag craoladh á cuid cláracha féin agus cláracha lena comhoibrithe, ó ‘Tradnóna’, Beo ar Maidin’, Ó Nóin go Lón’ agus ‘Moch ar Maidin

Tá Éanna agus April ag obair go páirt-aimseartha ag Raidió Fáilte, ag cur pacáistí nuachta le chéile, ag freastal ar imeachtaí pobail agus ag craoladh beo cúpla lá in aghaidh na seachtaine do Moch ar Maidin’ le MaryClaire. Uair in aghaidh na seachtaine, bíonn an deis acu beirt an clár ‘Ó Nóin go Lón’ a chur i láthair beo idir 12:00 agus 13:00.

Is féidir Raidió Fáilte a leanúint ar Twitter, Instagram agus Facebook

Close
Close