FÍS 2026: Comhdháil nua don aos óg

Tháinig na sluaite ó fud fad na hÉireann go hIonad Comhdhála Bhaile Átha Cliath Déardaoin seo caite le freastal ar FÍS 2026, comhdháil nua lán-Ghaeilge don aos óg.

Ba chomhdháil lán-Ghaeilge í FÍS a reáchtáil Conradh na Gaeilge, Gaeilge 365 agus Roinn na Gaeltachta den chéad uair riamh i mbliana le léargas a thabhairt do dhaoine óga, idir dhaltaí meánscoile agus mhic léinn, ar luach na Gaeilge lasmuigh den tseomra ranga, ní hamháin ó thaobh na fostaíochta de ach go sóisialta chomh maith.

Bhí ionadaíocht ag réimse leathan d’eagraíochtaí sa halla agus níos mó ná céad seastán le feiceáil ann. Anuas air sin, bhí deiseanna freastal ar phléphainéil i rith an lae agus cluinstin ó dhaoine mór le rá amhail DJ Próvaí ó KNEECAP, an t-amhránaí Róisín Seoighe agus Éadaoin Fitzmaurice atá ina tionchaire, faoina n-aistir féin leis an Ghaeilge agus na buntáistí ina saol mar gheall ar an teanga.

Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Deá ó Chonradh na Gaeilge faoi FÍS, agus le DJ Próvaí, Róisín Seoighe agus Éadaoin Fitzmaurice faoin mhéid a bhí le rá acu ar na painéil ar ghlac siad páirt iontu.

Close
Close