Féile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste

Bhí bunscoileanna Chontae Aontroma san iomaíocht i bhFéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste ar na mallaibh i gColáiste Feirste.

Bhí réimse leathan de dhrámaí á léiriú ag páistí na mbunscoileanna ar ardán Choláiste Feirste, ceoldrámaí agus cóirithe stáitse Gaeilge de scannáin cháiliúla ina measc.

Séamas Mac Annaidh a bhí mar mholtóir ar an lá agus dúirt sé féin go raibh achan léiriú scoile ar ardchaighdeán.

Ar deireadh roghnaigh sé 'An Garbhán' le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh mar phríomh-bhuaiteoir an chomórtais.

Tá babhta náisiúnta na Féile Scoildrámaíochta ar siúl faoi láthair san Ionad Ealaíon ar an Mhuileann gCearr.                                                                                                                     

Close
Close