Féile Lughnasadh ag Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach

Bhí lá iontach ag Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach ar na mallaibh agus iad ag ceiliúradh Fhéile Lughnasadh le deireadh a chur leis an samhradh. Ionad teaghlaigh, naíscoil agus Gaelscoil atá ar an láthair i gCroimghlinn, Contae Aontroma, a chuireann seirbhísí ar fáil tríd an Ghaeilge don phobal sa ceantar tuaithe seo.

Tháinig cuairteoirí idir shean agus óg chuig an ionad le sult a bhaint as an lá bríomhar, áit a raibh ceol, ceardlanna, bia agus damhsa, mar aon le scéalaíocht faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann.

Bhí Meon Eile ann agus labhair muid le Róisín Nic Aibhistín, Stephen Wallace agus Caitrín Uí Mhurchú faoin fhéile féin agus na rudaí a chuireann Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach ar fáil ó lá go lá.

Close
Close