Liú Lúnasa 2020

Bunaíodh an fhéile Liú Lúnasa 6 bliana ó shin anois agus tá sé á reáchtáil go rathúil achan bhliain ó shin. Labhair Caoimhe Ní Chathail, eagarthóir Liú Lúnasa 2020, le Meon Eile faoin fhéile agus faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den athrú go dtí féile dhigiteach.

Tá cáil ar an fhéile mar gheall ar na dianchúrsaí Gaeilge, na seisiúin cheoil agus go háirithe an slam filíochta. Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí i mbliana agus an lucht eagraithe ag dul i ngleic leis an phaindéim agus tionchar atá aige sin ar ghnáthimeachtaí. Rinneadh an cinneadh an fhéile a bhogadh ar líne ionas go mbeidh daoine ábalta páirt a ghlacadh inti ón bhaile.

Beidh an fhéile ar siúl idir an 27- 29 de mhí Lúnasa agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar mheáin shóisialta Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus Liú Lúnasa.

Close
Close