Bhí Oíche Chultúir á ceiliúradh fud fad na hÉireann Dé hAoine seo caite, agus is mar gheall air sin a tháinig Róise Ní Mhurchú go Béal Feirste le ceardlann amhránaíochta a éascú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, a bhuí le hOireachtas na Gaeilge agus Fís an Phobail.
Díríodh an seisiún ar fhoghlaimeoirí Gaeilge agus rinne Róise go dátheangach é, ag úsáid na hamhránaíochta le stór focal a theagasc dá raibh i láthair. Labhair sí le Meon Eile i ndiaidh na ceardlainne le hinsint dúinn faoin luach a bhaineann leis an amhránaíocht mar mhodh foghlama Gaeilge agus mar ghríosú chun tabhairt faoi ghnáthranganna Gaeilge, sin agus faoin chúis ar phioc sí an t-amhrán ‘A Stór, a Stór, a Ghrá’ le teagasc dóibh.