Féile Léana an Dúin ar ais!

10 mbliana ó shin, cuireadh críoch leis an fhéile áitiúil i Léana an Dúin in iarthar Bhéal Feirste ach tá an sos anois thart agus an fhéile tosaithe in athuair.

Le trí lá bhí imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud an cheantair - bhí Páirc Léana an Dúin, Loch na Leathghealaí agus na hionad uilig lán le daoine ag foghlaim agus ag spraoi.

Is féile iontach beag í seo i gcomparáid le féilte eile a bhíonn ar shiúl ar fud Bhéal Feirste ach tá croí mór le mothú ann agus is cinnte go rachaidh sé i méid sna blianta amach romhainn.

D'fhreastail Meon Eile ar chuid de na himeachtaí agus labhair muid le muintir an cheantair faoin fhéile, a bhí á reáchtáil ag Lenadoon Community Forum.

Close
Close