Féile an Choire 2019

Bhí Féile an Choire ar siúl i ndeisceart Chontae Dhoire ar na mallaibh, áit ar cuireadh scoth na n-imeachtaí ar bun do gach duine idir óg agus aosta. Is féile scéalaíochta, bhéaloidis agus mhiotaseolaíochta í Féile an Choire a chuireann béim ar thábhacht an tseanchais agus ar an oidhreacht a bhaineann leis.

Mar chuid den fhéile, bhí seisiún scéalaíochta cois tine le hEmma Ní Luachra, léiriú den scannán Secret Of Kells, seisiún scéalaíochta idirghníomhach le Myra Zepf agus seó de chuid Chleamairí Feirste. Thuirling na sluaite ar na himeachtaí go léir chun ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiún na scéalaíochta sa cheantar Gaelach.

Bhí ceiliúradh chéad lá breithe na bialainne san ionad ar siúl thar an deireadh seachtaine chomh maith agus tráthnóna bia, béaloidis agus ceoil curtha ar siúl do mhuintir na háite - ba léir gur bhain siad an-sult ar fad as an fhéile iontach seo.

Close
Close