Dráma na Nollag deireanach do phríomhoide Scoil an Droichid

Cuireann an chuid is mó de scoileanna na tíre dráma na Nollag ar siúl ach i mbliana bhí rud éigin speisialta faoin dráma a chuir Scoil an Droichid i mBéal Feirste ar ardán - ba é an dráma deiridh ag Fionnghuala McCotter agus ina príomhoide ar an scoil. 

Le blianta anuas, bhí ról lárnach ag Fionnghuala i bhforbairt na scoile, agus cronóidh pobal na scoile go mór í.

D’oibrigh gach rang le chéile chun 'Séarlas agus an Mhonarcha Seacláide' a chur ar stáitse agus bhí an amharclann lán le tuismitheoirí agus cairde na scoile chun an aisteoireacht an-mhaith, an greann agus na hamhráin a fheiceáil.

Is i gColáiste Feirste a cuireadh an seó ar siúl agus ag deireadh an oíche tugadh bualadh bos mór mothúchánach do Fhionnghuala.

Close
Close