Diarmuid Ó Tuama - Ómós

Baineadh siar as Gaeil Bhéal Feirste, agus as an phobal níos leithne, nuair a fuair Diarmuid Ó Tuama bás ar na mallibh.

Iar-phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste a bhí i nDiarmuid agus bhí aithne fhorleathan air i measc phobal na Gaeilge agus phobal CLG sa chathair agus níos faide i gcéin.

Bhí sé ar dhuine den fhoireann a chuidigh chun Gaeltacht Bhóthar Seoighe a thógáil agus an chéad Bhunscoil Ghaeilge sa Tuaisceart a bhunú. I ndiaidh blianta a chaitheamh ina mhúinteoir, ceapadh é ina phríomhoide ar an scoil, ról inar imir sé tionchar dearfach ar an fhoireann agus ar na daltaí araon.

Taobh amuigh de réimse an oideachais, is staraí a bhí ann a scríobh leabhar ar Chogadh na gCarad. Bhí spéis mhór aige sna cluichí Gaelacha fosta – bhí sé ina thraenálaí ag a chlub áitiúil agus bhí clár rialta CLG aige ar Raidió Fáilte.

Labhair Meon Eile le triúr cairde le Diarmuid: Caoimhín Ó Seanáin, a d’oibrigh leis sé ag CCEA go dtí ar na mallaibh; Jake Mac Siacais a raibh aithne aige air trí ghobharnóirí na scoile go háirithe; agus a chol ceathrar Fionntán McCotter.

Iardhaltaí, comhghleacaithe, daoine a bhain sult as a chuideachta nó daoine a ndeachaigh sé ina n-aghaidh ar pháirc na hiomána, bhí cuimhní ceanúla acu uilig ar an fhear mór.

Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus le gaolta Dhiarmada agus lena chairde ar fad.

Close
Close