Deireadh ré na dánlainne 'The Picture Gallery' i lár Bhéal Feirste

D'oscail Henry Kane an dánlann 'The Picture Gallery' i mBéal Feirste in 1976 agus ghlac a iníon, Sheelagh Caldwell, seilbh ar an áit nuair a tháinig tinneas ar Henry sa bhliain 2007. Chuir an dánlann ealaín ar fáil ó chuid de na healaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa dúiche.

Labhair Meon Eile le Sheelagh faoin deireadh atá i ndán don siopa anois go bhfuil an cinneadh déanta aici an dánlann a dhruidim i ndiaidh 45 bliana. Dúirt Sheelagh go bhfuil athrú mór ar an tsráid agus na comhlachtaí beaga faoi bhrú ag na cuideachtaí móra ar na príomhshráideanna.

Beidh an dánlann, atá ar Shraid na Banríona sa chathair, oscailte go dtí deireadh mhí na Nollag.

Close
Close