Daltaí ó Alabama ag tabhairt faoin Ghaeilge in Oideas Gael


Tagann na céadta daoine a fhad le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, achan bhliain chun freastal ar chúrsaí Gaeilge agus cláracha cultúrtha an choláiste.

Bunaíodh Oideas Gael sa bhliain 1984 i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá Gleann Cholm Cille suite i gceantar Shliabh Liag i ndeisceart an chontae, atá aitheanta as a radharcanna áille agus is anseo a chaitheann daoine ó fud fad na cruinne am i bpobal Gaeltachta.

Dream amháin atá ag teacht le Gaeilge a fhoghlaim in Oideas Gael achan bhliain le tamall de bhlianta ná daltaí ón Marion Military Institute, Alabama. Chuir ollamh staire sa choláiste tús le bunrang Gaeilge nuair a thosaigh sé féin ag foghlaim na teanga. Anois, gach bliain, déanann an grúpa tiomsnú airgid chun grúpa daltaí a chur chuig Oideas Gael.

Bhuail Meon Eile le cuid acu sin ó Alabama agus iad ag tabhairt faoin Ghaeilge sa choláiste.

Close
Close