Comórtas Ghlór na nGael: Duais €15,000 bainte ag Coiste Forbartha Charn Tóchair

Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair a bhain an phríomhdhuais €15,000 i gComórtas Ghlór na nGael i mbliana.

Labhair Meon Eile le Leonne Ní Loinsigh, Oifigeach Forbartha Gaeilge i gCarn Tóchair, chomh maith le Pádraig Ó Mianáin, atá ina chathaoirleach ar choiste Ghlór na nGael de chuid Choiste Forbartha Charn Tóchair. 

Bhí leagan difriúil ar an chomórtas i mbliana sa mhéid is go raibh cúig ghrúpa éagsúla a rabhthas in ann cur isteach orthu. Chuir Coiste Forbartha Charn Tóchair isteach ar cheithre cinn agus tháinig siad sa tríú háit i réimse na n-óg agus bhain siad an chéad áit sa ghrúpa oidreachta agus comhshaoil. 

Luaigh Pádraig gur spreagadh iontach iad comórtais Ghlór na nGael mar gheall go bhfeiceann tú an dianobair atá curtha isteach ag eagraíochtaí fud fad na tíre a bhfuil an fhís chéanna acu fosta.

Mothaíonn Leonne go dtugann comórtais mar seo tógáil croí dóibh siúd a oibríonn go crua chun an Ghaeilge a fhorbairt sa cheantar agus tá sí sásta leis an aitheantas sin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chomórtais Ghlór na nGael anseo: https://www.glornangael.ie 

Close
Close