Club Óige Setanta ar bís a bheith ar ais

Fuair Gaeilgeoirí óga Chathair Dhoire ionad úrnua anuraidh ach mar gheall ar shrianta COVID-19, is ar líne a bhí siad ag cruinniú le chéile don chuid is mó den bhliain. Tá cead acu dul chuig an chlub féin arís anois agus bhuail Meon Eile isteach le feiceáil cad é mar atá ag éirí leo!

Tá Eamonn Carlin i mbun an chlub agus labhair sé faoin ionad nua agus cuid de na dúshláin a bhí roimh na daoine óga i mbliana. D'inis Erin agus Tiarnan dúinn cé chomh sásta is atá siad a bheith in ann bualadh isteach chuig an chlub agus ionad s'acu féin a bheith acu anois.

Close
Close