Club Leabhar: Gach maidin Chéadaoin in Aonach Mhacha

Bíonn ‘Club Leabhar’ ar siúl gach maidin Chéadaoin i gCaifé Mhacha, atá mar chuid den Ionad Gaeilge agus Cultúrtha, Aonach Mhacha, i gcathair Ard Mhacha. Cuireadh an club ar bun thart fá dhá bhliain ó shin agus tá sé faoi bhláth ó shin, le scaifte ag teacht le chéile le leabhair agus dánta a léamh agus a phlé i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta.

D’fhreastail Meon Eile ar an chlub an tseachtain seo caite agus iad ag léamh ‘Ón Taobh Istigh’ le Jake Mac Siacais chomh maith le dán clúiteach de chuid Mháirtín Uí Dhíreáin, ‘An tEarrach Thiar’. Bhí sé go hálainn a bheith i láthair agus is fiú go mór deiseanna mar seo a chothú don phobal ionas go mbeadh daoine ábalta a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus cairdeas a fhorbairt le Gaelgeoirí eile a bhfuil na cinéalacha suimeanna céanna acu fosta.

Labhair Meon Eile le beirt fhear a fhreastalaíonn ar an chlub gach seachtain, is iad sin Gearóid Mac Giolla Fhaoileáin agus Déaglán Mac Tréinfhir. Labhair siad faoin chlub agus faoin taithí phearsanta atá acu ar an léitheoireacht, sin agus faoin teacht le chéile speisialta seo.

Close
Close