Cártaí Poist - Hugh Carr

Sa tsraith nua seo 'Cártaí Poist' seolann daoine cárta poist chucu féin ón am atá caite le comhairle a thabhairt dóibh roimh imeacht nó eachtra mhór ina saol. 

Inniu, tá Hugh Carr as Rann na Feirste linn agus é ag cur cárta poist chuige féin sula ndeachaigh sé chun na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Tugann sé comhairle dó féin ar na rudaí ar cheart dó a dhéanamh, ar nós an léitheoireacht a dhéanamh breá luath agus sos a thabhairt dó féin. Nach maith é!

Close
Close