Campa Samhraidh Ghlór Mhachaire Fíolta

Bhí Campa Samhraidh Ghlór Mhachaire Fíolta ar siúl an tseachtain seo caite agus bhuail Meon Eile isteach lena fháil amach cad é mar a bhí ag éirí leo. 

Labhair Ellen Ní Uiginn, Clár Ní Chnaimhsí mar aon le Brídín agus Dáire faoin champa agus an rath atá air i mbliana mar aon leis na blianta eile.

D'eagraigh Glór Mhachaire Fíolta an campa; togra amháin i measc neart oibre eile atá déanta ag an phobal don Ghaeilge i nDoire Theas le blianta beaga anuas.

Bhí timpeall 70 páiste páirteach sa champa i mbliana agus is léir gur thaitin an tseachtain go mór leo.

Close
Close