Campa Samhraidh Ceoil na Crannóige


Cuireadh tús an tseachtain seo le Campa Samhraidh Ceoil na Crannóige i nGaoth Dobhair a thabharfaidh deis do pháistí triail a bhaint as uirlisí ceoil difriúla mar aon le spórt agus spraoi a bheith acu lena chéile. 

Maireann an campa ceithre seachtaine agus is iar-dhaltaí de chuid na Crannóige iad an fhoireann ar fad atá taobh thiar de, mar sin is eiseamláirí den scoth iad do na ceoltóirí óga.

Bhí orthu rudaí a reáchtáil ar dhóigh giota beag éagsúil i mbliana mar gheall ar chúrsaí Covid-19 mar nach bhfuil cead ach ag 15 dhuine a bheith in aon ghrúpa amháin faoi láthair ach níl sin ag cur stop leis na páistí iontacha seo. Maith iad!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar crannog.ie

Close
Close