Camino Aonach Mhacha

Ag tús mhí Lúnasa, d’eagraigh Aonach Mhacha siúlóid ó Thí Chulainn ar an Mhullach Bhán go dtí ionad Aonach Mhacha i gcathair Ard Mhacha. Eagraíodh an tsiúlóid le hairgead a bhailiú don ionad féin, ionad nach raibh ar oscailt ó bhí mí Mhárta na bliana seo ann. Is spás ríthábhachtach é Aonach Mhacha i dtaca leis an Ghaeilge agus leis an chultúr Ghaelach a chur chun cinn ar fud Chontae Ard Mhacha. Chaith an pobal Gaelach in Ard Mhacha blianta fada agus lear mór airgid leis an ionad a thógáil ach b’éigean dóibh na doirse a dhruidim cúpla seachtain i ndiaidh dóibh é a sheoladh go hoifigiúil mar gheall ar an dianghlasáil, rud a d’fhág nach raibh an t-ionad ábalta airgead ar bith a thuilleamh le linn an ama sin. 

Ghlac 25 dhuine páirt sa camino agus d’éirigh leo uilig níos mó ná £500 an duine a bhailiú. Shiúil siad go léir na 25 mhíle, thar shléibhte agus chnoic ó Ard Mhacha Theas go cathair Ard Mhacha féin. Bhí an ghrian amuigh agus bhí lúcháir ar achan duine a ghlac páirt ann go raibh siad ag tabhairt faoin turas céanna a rinne Cú Chulainn 2,000 bliain ó shin. Is í an tsiúlóid laochta chéanna í a rinne Cú Chulainn féin nuair a tugadh an leasainm clúiteach sin air. Tá Aonach Mhacha ag súil le Camino Mhacha a chur ar fáil achan bhliain as seo amach. 

Bhuail Meon Eile le Réamonn Ó Ciaráin, cathaoirleach Aonach Mhacha agus le Seán Ó Maoilsté, stiúrthóir Aonach Mhacha agus labhair an bheirt acu faoin turas. Labhair siad ar na hiontais a chonaic siad agus ar an tábhacht a bhaineann le hionad Aonach Mhacha a shábháil. 

 Más mian leat tacú le hAonach Mhacha, is féidir airgead a thabhairt ag gofundme anseo

Close
Close