‘An Taephota’ bunaithe i ndeisceart Bhéal Feirste

Tá caifelann dhátheangach curtha ar bun ag an Droichead ar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.

Is ionad poiblí é 'An Droichead' a chuireann imeachtaí agus ranganna trí mhéan na Gaeilge ar fáil do mhuintir an cheantair.

I measc na n-imeachtaí atá ar siúl acu le tamall tá cruinnithe maidine caife ach bhí lucht eagraithe an ionaid ag iarraidh cur le feiceálacht na teanga agus tionchar níos mó a bheith acu ar an taobh sin den chathair.

Agus is é 'An Taephota' an toradh!

Tá 'An Taephota' oscailte san fhoirigneamh atá ag an 'Mornington Community Project' idir 10rn agus 2in gach Máirt agus tá fáilte roimh chainteoirí líofa, roimh fhoghlaimeoirí agus roimh gach duine eatarthu!

Beidh ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta ar siúl chomh maith le linn don chaife a bheith ar oscailt. 

Bíonn sconaí lámhdhéanta acu achan uile lá agus cuirtear biachlár lóin nua ar fáil gach seachtain mar sin buail isteach chucu agus tú sa cheantar!

Close
Close