Caifé Gaelach nua i dTuaisceart Bhéal Feirste

Osclaíodh Caifé Ceoil ar na mallaibh, caifé úrnua ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste ina bhfuil scoth an bhia, na dí agus na cuideachta le fáil.

Is in Áras Mhic Reachtáin atá an caifé lonnaithe agus cuireadh bail ar an áit le go mbeadh sé réidh dá ról nua.

Thug Meon Eile cuairt ar an spás deas agus labhair muid le bainisteoir Chaifé Ceoil, Ciarán Ó Cruadhlaoic, agus le hOifigeach Forbartha Gaeilge Áras Mhic Reachtain, Ferdia Mac Corsain, faoin fhorbairt nua.

Agus caife galánta agus bia blasta le fáil ann, moltar go mór do dhaoine cuairt a thabhairt ar Chaifé Ceoil agus sibh sa cheantar.

Close
Close