An 'Broadway Bell' ag bualadh arís i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

I ndiaidh 40 bliain tá Clog an Bhealaigh Leathain, nó an 'Broadway Bell' mar is fearr aithne air, ar ais i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Cuireadh an clog ann ar dtús in 1886 nuair a bhí an foirgneamh in úsáid mar eaglais Phreispitéireach. Baineadh an clog in 1982 agus is sa bhliain 1991 a rinneadh lárionad Gaeilge den áit. 

Le tamall anuas tá an gníomhaí aitheanta Jake Mac Siacais ón eagras Forbairt Feirste sa tóir ar an chlog agus, nuair a d'aimsigh sé é, thug sé faoin chlog a ghlanadh. Tá an réad stairiúil ar ais anois agus bhí ócáid ann ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dá thraidisiún lena mbaineann idir an clog féin agus fhoirgneamh na Cultúrlainne.

Labhair Meon Eile le Jake faoin tábhacht a bhaineann leis an chlog don phobal ar fad agus faoin aistear a bhí aige chun teacht air. Labhair muid chomh maith le Brónagh Fusco ón Chultúrlann a dúirt go bhfuil an clog sa bhaile anois agus gurb ann a fhanfaidh sé go ceann bliana.

Close
Close