Bigil 'Black Lives Matter' i mBéal Feirste

Beagnach 100 duine a tháinig amach sa bháisteach i mBéal Feirste do shlógadh Black Lives Matter. Gluaiseacht dhaonna is ea é a bhunaigh Meiriceánaigh Afracacha le haird a dhíriú ar fhoréigean an státchórais i gcoinne daoine gorma.

Is in 2013 a cuireadh bun faoin fheachtas atá i ndiaidh scaipeadh ar fud na cruinne sna sála ar dhúnmharuithe a rinne póilíní i SAM ar dhaoine gorma.

Maíonn an ghluaiseacht go seasann siad ar son cothromais agus cearta daonna d’achan duine. Táthar ag iarraidh dlúthpháirtíocht dhomhanda a chothú.

Eagraíodh bigil dlúthpháirtíochta ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar na mallaibh, áit ar labhair Meon Eile leis an lucht freastail faoi na dúshláin atá rompu…

Black lives matter
Close
Close