Babaithe Cultúir i mBéal Feirste!

Is é 'Babaithe Cultúir' an tionscadal úr atá tosaithe ag Young at Art agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich maidin Dé Máirt ón 10rn go dtí an 12in i nDánlann Dillon sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí agus a mbabaithe 0-4 bliana d’aois chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ealaíonta spraíúla.

Moltar dóibh praiseach a dhéanamh agus úinéireacht a ghlacadh ar an spás nó an teachtaireacht atá ag na heagrathóirí gur le gach duine na spásanna cultúrtha seo agus go bhfuil ceart ag gach páiste iad féin a chur i láthair iontu!

Tá na seisiún uilig stiúrtha ag ealaíontóirí eagsúla trí mhéain na Gaeilge agus iad oscailte do pháistí agus a dtuismitheoirí le gach leibhéal teanga.

Bhuail Meon Eile isteach sa Chultúrlann lena a thuilleadh a fháil amach faoin togra...

Close
Close