Am corrach ag éin na hÉireann

Am corrach ag éin na hÉireann

Am corrach atá ann i measc ár n-éan dúchasach toisc go bhfui laghdú tagtha ar líon na spideog, glasán darach agus cíorbhuí ó thuaidh, de réir Chúram Chaomhantas na nÉan.

Thit líon na spideog in Éirinn le hos cionn 25% le cúig bliana déag anuas, de réir fhigiúirí ón Chúram Chaomantais. Déantar suirbhé éanbhreathnaithe a réachtáil in Éirinn i dtús gach bliana. Is iad an Cumann Ríoga um Chosaint na nÉan atá ina bhun ó thuaidh.

Tugadh le fios gurb é an gealbhán is coitianta anseo agus comhaireamh déanta ar 127,000 le linn shuirbhé na bliana anuraidh. Déantar mórchuid an chuntais trí shéisiúin éanbhreaithnaithe á réachtáil i measc scoileanna.

Bhí Coláiste Feirste páirteach sa suirbhé i mbliana den chéad uair agus bhí Meon Eile ina gcuideachta.

Seo chugaibh léargas ar obair na gcaomhnaitheoirí agus ar phróiseas an chomhairimh, mar aon le roinnt eolais faoi na héin a chónaíonn faoi scáth an tSléibhe Dhuibh…

Suirbhé ag Cumann Ríoga um Chosaint na nÉan
Close
Close