Ag fanacht gnóthach le linn shrianta COVID-19

Tá go leor athraithe sa saol agus muid ag maireachtáil i dtréimhse phandéim COVID-19. Labhair Clíodhna Ní Chorráin as Ard Mhacha le Meon Eile faoin éifeacht atá ag an athrú saoil seo uirthi.

Tugann sí leideanna aclaíochta agus cócaireachta dúinn, mar aon le bealaí chun muid féin a choinneáil gnóthach agus sinn sáinnithe sa bhaile. Tá go leor deacrachtaí ag baint leis na hathruithe uilig agus labhraíonn Clíodhna faoi cheann acu sin agus í ag cronú a seantuismitheoirí. Tugann sí muid ar cuairt chucu ach an scaradh sóisialta á chleachtadh acu ag an am céanna.

Close
Close