10 milliún Snapchat seolta le geo-scagairí Gaeilge le mí anuas

Ar úsáid tú scagaire tíreolaíochta Snapchat as Gaeilge go fóill? 

Seoladh níos mó ná 10 milliún Snapchat le geo-scagairí pobail as Gaeilge ó cuireadh iad ar fáil ar fud na hÉireann an mhí seo caite, agus tá os cionn 150 milliún duine i ndiaidh na scagairí Gaeilge a fheiceáil ar fud an domhain.

Is iad na contaetha Gaeltachta Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí agus Dún na nGall is mó a d’úsáid iad.

Is mar chuid d’fheachtas 'Gaelsnap' Chonradh na Gaeilge atá na scagairí tíreolaíochta Gaeilge á gcur ar fáil, feachtas a chuaigh ar lorg dearaí Gaeilge do gach ceann de na 32 contae anuraidh. 

Bliain ar aghaidh agus tá 32 geo-scagaire eisithe ag Snapchat i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Léiríonn staitisticí úsáide Chonradh na Gaeilge go bhfuil an líon is mó úsáide ag Corcaigh le 920,000 snap sa chontae sin ag baint leasa as na geo-scagairí pobail as Gaeilge ar Snapchat agus 15,300,000 imprisean á nginiúint acu.

Tagann Contae na Gaillimhe sa dara háit le 870,500 úsáid agus 16,200,000 imprisean, Ciarraí sa tríú háit, agus Dún na nGall sa cheathrú háit, rud a chiallaíonn go bhfuil pobal Gaeltachta sa cheithre chontae ar bharr an liosta úsáide.

Cuireann úsáideoirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad.


Chun Snapchat a sheoladh le geo-scagaire pobail as Gaeilge air, ní gá ach grianghraf a ghlacadh agus an scáileán a svaidhpeáil le rogha na ngeo-scagairí atá ar fáil a fheiceáil, geo-scagaire Gaeilge an cheantair ina measc.

Déan cinnte de go bhfuil an leagan is déanaí de Snapchat agat agus go bhfuil do shocruithe suímh ar siúl.

Close
Close