Seachtain an Uathachais i gColáiste Feirste

Agus Lá Domhanda an Uathachais ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, tá an comhrá faoi uathachas go mór chun cinn timpeall na cruinne faoi láthair.

Dar le Autism NI tá timpeall 30,000 duine sna sé chontae a bhfuil uathachas orthu.

Tá ionad tacaíochta agus cúntóirí ranga Choláiste Feirste ann chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí na scoile le huathachas.

Chinn Coláiste Feirste seachtain iomlán feasachta a reachtáil an tseachtain seo caite. Bhí tionól ar siúl achan lá acu, ceardlanna do dhaltaí agus maidin chaifé do thuismitheoirí, i measc imeachtaí eile.

D'ardaigh an clár leathan imeachtaí feasacht i measc fhoireann na scoile faoi na fadhbanna laethúla a bhíonn ag páistí de bharr uathachais. 

Labhair Meon Eile le cuid daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne i gColáiste Feirste faoin uathachas agus taithí s'acu leis.


Close
Close