Seó na Nollag ag Scoil an Droichid

Bhí sceitimíní na Nollag ar dhaltaí Scoil an Droichid le déanaí agus iad ag cleachtadh do Sheó na Nollag i Halla Elmwood in Ollscoil na Banríona.

Le Daidí na Nollag, an Grinch, síoga, Rudolph agus neart carachtar eile ann, ní raibh aon easpa spraoi ar an stáitse.

Bhí ceol, damhsa agus aisteoireacht den scoth ar siúl ag na páistí agus deis ag achan duine acu páirt a bheith acu sa seó spleodrach.

Chuaigh Meon Eile chomh fad leo agus iad ag cleachtadh chun blaiseadh den seó a fháil.

Seó na Nollag
Close
Close