Scéim athnuachana comharsanachta ar siúl ag Cairde Teo in Ard Mhacha

Tá scéim nua Gaeilge ar bun ag Cairde Teo in Ard Mhacha trí chlár athnuachana comharsanachta na Roinne Pobal ó thuaidh.

Tugann 'Neighbourhood Renewal' deis do dhaoine ó aoiseanna agus ceantair áirithe an Ghaeilge a fhoghlaim saor in aisce.

Bhí Meon Eile i láthair ag an oíche thacaíochta do dhaltaí GCSE, áit ar labhair muid le Sárán Ó Machail, atá ag freastal ar an rang, faoin tionchar a bhíonn ag na ranganna seo ar dhaoine sa cheantar.

Labhair muid fosta le Cáit Ní Choirbhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge Cairde Teo, faoin scéim agus faoi obair an eagrais, atá lonnaithe in Aonach Mhacha i gcroílár na cathrach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na ranganna anseo: https://sites.google.com/seacht7.org/cairdeteo/home

Close
Close