Ollscoil Uladh: Dlúthchuid de Phobal na Gaeilge i nDoire

Is i gCathair Dhoire atá Campas Mhig Aoidh de chuid Ollscoil Uladh lonnaithe, rud a chuireann an coláiste ag croílár phobal na Gaeilge sa chathair agus ar thairseach na gceantar Gaeltachta i nDún na nGall.

Ón bhliain seo chugainn ar aghaidh beidh achan chúrsa Gaeilge de chuid na hollscoile lonnaithe ar an champas mar gheall ar chiorruithe a bhainfidh na céimeanna ó champas Bhéal Feirste.

Tá mic léinn Mhig Aoidh ag láidriú an Chumainn Ghaelaigh ann agus ag iarraidh borradh a chur faoi fheachtais a chuirfidh le feiceálacht na Gaeilge ar champas.

Labhair Meon Eile le foireann agus le mic léinn na hollscoile faoi chúrsaí Gaeilge ann.

Close
Close