Iarsmalann Cheiltigh Bhéal Feirste

Bhí Belfast Celtic ar na foirne sacair is rathúla agus cáiliúla in Éirinn go dtí gur díscaoileadh an club sa bhliain 1949. Ba ghnách leis na mílte dul a fhad lena bpáirc ar Bhóthar Dhún na nGall sa chathair, áit a bhfuil an t-ionad siopadóireachta, Park Centre, anois.

10 mbliana ó shin shocraigh roinnt daoine áitiúla iarsmalann a thógáil a bheadh bunaithe ar Cheiltigh Bhéal Feirste agus a thabharfadh deis do dhaoine blaiseadh a fháil den tréimhse a bhí an fhoireann i mbarr a réime. Ba mhian leo cuimhní an chlub a choinneáil beo.

Tá Charlie Tully ar dhuine de na daoine seo - d'imir athair Charlie do Cheiltigh Bhéal Feirste agus do Cheiltigh Ghlascú - agus dó féin agus do go leor eile tá ríthábhacht ag baint leis an togra agus leis na cuimhniúcháin a chur i láthair an phobail.

Ar na mallaibh thosaigh an iarsmalann tionscnamh nua le páistí scoile a mhealladh isteach le foghlaim faoi Belfast Celtic.

Nuair a thug daltaí Ghaelscoil na bhFál cuairt uithi bhí muid fein ann le labhairt lena múinteoir, Seán Fennell, a bhain úsáid as stair na foirne le cúrsaí staire agus polaitíochta a phlé. Chomh maith le Seán, labhair muid le Charlie Tully a rinne cur síos ar an iarsmalann agus ar an fhoireann féin.

Tá tuilleadh eolais faoin iarsmalann agus faoi Cheiltigh Bhéal Feirste le fáil anseo.

Close
Close