Cuireadh Gradaim na Gaeilge ar siúl ag Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn ar na mallaibh, ócáid bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar dhaltaí atá tar éis suaitheantais agus fáinní Gaeilge a bhaint amach.
Ba mhaidin spreagúil spleodrach í ó thús deireadh, le ceol bríomhar le grúpa daltaí a sheinn ag Comórtas Siansa Gael Linn, paidreacha as Gaeilge ó roinnt daltaí, ceol ar an chláirseach le dalta, taispeántas damhsa, agus an bronnadh féin. Gach bliain, cuirtear fáilte roimh aoichainteoirí le labhairt ar ról na Gaeilge ina saol gairmiúil agus le suaitheantais Cúpla Focal, fainní airgid agus fáinní óir, chomh maith le trofaithe éagsúla, a bhronnadh ar na daltaí.
I mbliana, bhí iarscoláire de chuid an Acadaimh agus múinteoir Corpoideachais agus Gaeilge ag Scoil Iósaef, An Domhnach Mór, Aoibhín Ní Chonluain ann le fáinní a bhronnadh agus labhair an tOifigeach Gaeilge ó Chomhairle Ceantair Lár-Uladh, Seán Antón Ó Connalláin ag an ócáid. B’iontach an spreagadh a thug an bheirt agus iad ag labhairt go haonarach ar an stáitse faoina n-aistear leis an Ghaeilge agus ar na deiseanna a thug sí dóibh.
D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid speisialta, áit ar labhair muid le Ceannaire na Gaeilge, Máire Mhic Giolla Chomhaill, le hAoibhín agus le beirt daltaí ó Bhliain 14, Síofradh agus Odhrán, ar éirigh leo Fáinní Óir a bhaint amach.
