Gaelscoil na Speiríní ag amharc siar ar scoilbliain as an ghnáth

Tá deireadh na bliana buailte linn agus páistí na tíre anois ag tabhairt aghaidh ar shaoire an tsamhraidh. Bhuail Meon Eile isteach chuig Gaelscoil na Speiríní le fáil amach cad é mar a d'éirigh leis na páistí i mbliana agus iad ag dul i ngleic le srianta Covid agus ag foghlaim idir an scoil féin agus an baile.

Bhí cúrsaí oideachais go mór i mbéal an phobail le breis agus bliain anuas le linn don choróinvíreas a bheith ag scaipeadh i measc na ndaoine. Bhí dushláin go leor le sárú ag múinteoirí agus daltaí araon. Labhair príomhoide na Gaelscoile faoi chuid de na dúshláin seo agus léirigh sí a bhródúil is atá sí gur éirigh chomh maith sin leis na páistí. 

Is múinteoir í Orfhlaith Ní Chatháin atá sásta go bhfuil deireadh tagtha leis an fhoghlaim ón bhaile agus atá ag dúil le sos an tsamhraidh. Chuala muid dearcadh na bpáistí féin fosta agus iad ag teacht i dtreo dheireadh na scoilbhliana. 

Close
Close