Bhailigh meánscoileanna as Cúige Uladh le chéile i nGarbhachadh, Chontae Thír Eoghain, ar na mallaibh le páirt a ghlacadh i gCraobh Thráth na gCeist Gael Linn. Is é an sprioc is mó atá ag Gael Linn don imeacht seo ná daltaí i mbliain 10 a spreagadh i dtreo na Gaeilge ag leibhéal GCSE.
Labhair Meon Eile le Póilín Uí Cheannabháin, Feidhmeannach Oideachais le Gael Linn, a d’inis dúinn faoi stair an imeachta agus na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ar fáil do scoláirí taobh amuigh den seomra ranga amháin.
Is imeacht iontach tábhachtach sa bhliain é fosta mar gheall go mealann sé daltaí chuig na coláistí samhraidh a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn.
Bhí Scoil an Rátha Mhóir i mBéal Feirste i measc na scoileanna a ghlac páirt sa chraobh agus labhair daltaí ón scoil faoin tsuim atá acu sa Ghaeilge agus iad ag ullmhú do na scrúduithe GCSE.
Seo iad na scoileanna a bhuaigh duais ag an Chraobh:
1ú Áit – Foireann 3 Coláiste Rís & Coláiste Cholmcille
2ú hÁit - Pobalscoil Ghaoth Dobhair & Coláiste Cholmáin


