Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2023

Bhí Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar siúl in Óstán Chathair Ard Mhacha i mbliana, agus ba é cúrsaí sainriachtanais téama na comhdhála.

Roghnaíodh ‘Crann Taca’ mar theideal le leiriú go bhfuil sé mar aidhm ag an Chomhairle an tacaíocht chuí a chur ar fáil do na scoileanna agus do na daltaí. Is é Comhairle na Gaelscolaíochta an foras ionadaíoch ar son na Gaelscolaíochta ó thuaidh.

Cuireadh rogha leathan ceardlann ar bun a dhírigh ar na réimsí éagsúla sainriachtanais a mbíonn cleachtóirí na hearnála ag plé leo go rialta. Bhí oideasóirí, taighdeoirí agus cleachtóirí scoile ó fud fad na tíre, ó na hollscoileanna agus institiúidí oideachais eile, páirteach sa chomhdháil agus iad iontach sásta a gcuid saineolais a roinnt.

Ba í an Dr. Sinéad Nic Aindriú ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thug príomhóráid na Comhdhála i mbliana, agus d’oscail Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Maria Thomasson, agus Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Seosamh Ó Coinne, an t-imeacht go hoifigiúil. Ba í Lynette Fay mar a bhean an tí.

D’fhreastail breis agus 400 cleachtóirí ar an chomhdháil, rud a léiríonn fás na hearnála. Go háirithe agus lucht TÍCO agus lucht BEd ag teacht isteach, feiceann siad earnáil bheo bhríomhar agus daoine ag tacú lena chéile.

Labhair Meon Eile le Maria Thomasson agus le hOifigeach Sinsireach Oideachais Gníomhach de chuid Chomhairle na Gaelscolaíochta, Orla Nig Fhearraigh.

Close
Close